Skip to content

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Comhairliúchán ar Churaclam na Bunscoile oscailte

Foghlaim Tuilleadh

Clár Foghlama 1:

Réamhrá
Tá Pól ina scoláire sa chéad bhliain i bpobalscoil mhór uirbeach ina bhfuil 1100 scoláire. Is buachaill aigeanta, an-sochaideartha é, atá 14 bliana d’aois agus a bhfuil a lán cairde aige. Tá raon leathan spéiseanna aige, lena n-áirítear rac-cheol, snámh, drumaí agus sacar. Tá sé ar an duine is óige de thriúr páistí agus is é an t-aon bhuachaill sa teaghlach. Tá Siondróm Williams ar Phól (is riocht neamhchoitianta géiniteach é Siondróm Williams a chruthaíonn fadhbanna leighis agus forbartha) agus tá sé ag feidhmiú laistigh den raon deacrachtaí foghlama ginearálta measartha. Tá Pól páirteach sna Cluichí Oilimpeacha Speisialta agus téann sé chuig campa ceoil le cumann Siondróm Williams. D’fhreastail Pól ar bhunscoil phríomhshrutha agus tá a thuismitheoirí ag iarraidh go mór go bhfreastalóidh sé ar iar-bhunscoil phríomhshrutha. Atmaisféar tréadach atá sa scoil agus tá a struchtúir agus a bunfhealsúnacht cothaitheach agus tacúil. Tá de thréith inti go ndírítear ar chomhpháirtíocht, comhar agus comhoibriú. Síntear an comhar lasmuigh den scoil mar tá Pól páirteach i gclár for-rochtana le scoil speisialta áitiúil agus sa chlár tá foireann ildisciplíneach ina bhfuil síceolaí oideachais, teiripeoir urlabhra agus teanga, fisiteiripeoir agus teiripeoir saothair.

Tairgtear curaclam na sraithe sóisearaí i suíomh cumais mheasctha. Roghnaíonn an scoláire ó raon de 14 ábhar - Gaeilge, Béarla, Matamaitic, Tíreolaíocht, Stair, teanga Eorpach, Eolaíocht, Staidéar Gnó, Oideachas Sóisialta, Pearsanta agus Sláinte (OSPS), Oideachas Saoránach Sóisialta Polaitiúil (OSSP), Corpoideachas, Oideachas Reiligiúin, Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh, Miotalóireacht, Teicneolaíocht Ábhar (Adhmad), Ceol, Grafaic Theicniúil agus Eacnamaíocht Bhaile.

Sa chéad bhliain bíonn deis ag an scoláire triail a bhaint as roinnt ábhar, óna roghnaíonn sé a roghanna chun staidéar a dhéanamh orthu sa dara bliain agus sa tríú bliain. Dearadh clár ama Phóil chun a ionchuimsiú a uasmhéadú, agus chun a bheith airdeallach ag an am céanna go dtagann tuirse air go héasca. Ar an gcaoi seo freastalaíonn Pól ar 38 de na 45 tréimhse ranga gach bliain. Leanann sé curaclam laghdaithe, déanann sé Ealaín, Ceardaíocht, Dearadh, Miotalóireacht, Tíreolaíocht, Ceol, OSPS, Corpoideachas, OSSP, agus Ríomhairí lena chomhscoláirí, i ranganna cumais mheasctha. Oibríonn sé le múinteoir acmhainne agus grúpa beag (3-4 scoláire) dá ranganna Matamaitice agus Béarla le haghaidh sé thréimhse sa tseachtain do gach ceann acu, agus tá ceithre rang aistarraingthe aige lena mhúinteoirí Corpoideachais, Tíreolaíochta agus Béarla. Gach lá tarlaíonn foghlaim Phóil i suíomhanna éagsúla, lena chomhscoláirí den chuid is mó, agus bíonn dhá thréimhse ranga ar an meán i ngrúpa beag nó i suíomhanna teagaisc duine le duine.

Cuireadh leis an ngearrthaisce é go rathúil.